Loading Events
This event has passed.

An Scoil 2019

Chuir Dómhnall Ó Conaill tús le cultúr nua i bpolaitíocht na hÉireann agus na hEorpa. Duine mór le rá ab ea é sa Bhreatain agus cáil air mar óráidí ag treisiú an liobrálachais. Eiseamlár do lucht polaitíochta ins na Stáit Aontaithe ab ea é maidir lena shlite polaitíochta agus mar a mheall sé an gnáth-phobal chun páirt a ghlacadh i bpolaitíocht na tíre. D’fhág sé rian fé leith ar chás na nIúdach agus cás na mílte a bhí brúite fé smacht ag an sclábhaíocht. Dlíodóir iomráiteach ab ea é agus bhí baint mhór aige le cúrsaí gnó na hÉireann. Déanfaidh an Scoil Samhraigh an méid seo a iniúchadh, a scagadh agus a cheistiú.